Club Cléire

Tá Club Cléire lonnaithe i sean stór ar imeall Cuan álainn Thrá Chiaráin, Oileán Chléire. Tá an t-Oileán 8 mile amach ó chósta Iarthar Chorcaí. Bhunaigh an Comharchumann
Comharchumann Chléireáitiúil
Club Cléire breis agus tríocha bliain ó shin agus ó shin i leith tá sé lárnach i saol sóisialta pobal an oileáin bhig seo. Spreagann an Club ceol traidisiúnta agus ceol eile, an Ghaeilge, ealaín agus cultúr, agus soláthraíonn sé aiseanna do ghrúpaí deonacha áitiúla atá ag saothrú ar son an phobail.
Deineadh coimisiúnú ar an leathanach Idirlín seo i mí Aibreáin 2007 ar mholadh aos óg an Oileáin. Soláthraíonn sé eolas agus pictiúir faoi imeachtaí atá thart chomh maith le féilire d'imeachtaí atá beartaithe. Cuireann sé i láthair ceoltóirí agus amhránaithe éagsúla agus, tá siúl againn go spreagfaidh sé daoine eile chun cuairt a thabhairt ar ár n-Oileán álainn.
Feimimíd thú i gClub Cléire !.
Bíonn seisiúin thraidisiúnta ar siúl gach deireadh seachtaine i Meitheamh, Iúl agus Lúnasa agus cuirtear fáilte roimh cheoltóirí agus roimh amhránaithe de gach saghas gur mian leo a bheith páirteach. Is mó oíche iontach go maidnr a bhíonn againn ann nuair a thagann lucht rock, country & western, na blues & jazz chomh maith le drumadóirí spréachta le chéile leis na ceoltóirí áitiúla chomh maith le lucht na n-amhrán i ngach teanga ón nGaeilge go dtí an Swahili.
Is club le ceadúnas é seo agus moltar do chuairteoirí nó daoine nua san oileán ballraiocht a bhaint amach. . Gearrtar táille ballraíochta €5 in aghaidh na bliaina.