Múr Mhaisiú - Seán Rua
Pádraig Óg Ó Ruairc – Ealaíontóir Cónaithe



Saolaíodh Pádraig Óg Ó Ruairc i gCo. an Chláir i 1984 agus tá sé ag stad faoi láthair ar Oileán Chléire chun feabhas a chur ar a chuid Ghaeilge labhartha.

Ghnóthaigh Pádraig céim onórach sa Stair, Seandálaíocht agus Sibhialtacht Cheilteach in Ollscoil Bhaile Átha Cliath i 2002. Tá spéis aige sna teangacha Ceilteacha: Gaeilge agus Breatnais, sa Seanchas, san Ealaín, i gCeardaíocht agus i Scríobh traidisiúnta.

Tá ceithre bliana caite aige ag saothrú ealaíne na stíle Ceiltí ar veilleam, agus i mbun tionscnaimh chomhpháirtíochta éagsúla le healaíontóirí agus le ceardaithe eile. Tá saothar leis á léiriú sa Tionscnamh Oidhreachta Cragganowen i gCo. an Chláir, i bPáirc Náisiúnta, Co. Loch Garman, La Café des Celta, Sonetc, An Bhriotáin agus sa Chlub in Oileán Chléire.

moladh faighte ag lámhscríbhinní Phádraig ó údair éagsúla, ina measc sin Timothy O’ Neill, údar ‘Airy Plume Heights, a beginners guide to Celtic script and Design’ agus An Dr Dorothy Kelly, Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Údar ar ealaín Cheilteach .

Seachas an líníocht Cheilteach táirgeann Pádraig ceardaíocht thraidisiúnta ar nós na fíodóireachta, saothair atá déanta as tuí, as luachair, saileach agus as ábhair thraidisiúnta eile.

I 2007 dhein Comharchumann Chléire Teo, úinéir Chlub Cléire, iarratas chuig Ealaín na Gaeltachta Teo ar mhaoiniú chun Pádraig a fhostú mar ealaíontóir cónaithe chun tionscnamh ealaíne comhoibritheach a chur ar siúl. Roghnaíodh An Gorta Mór mar théama ar dtús de bhrí go raibh sé faoi lán tseoil an tráth seo 160 bliain ó shin (1847). Tá sé beartaithe sraith íomhánna a dhéanamh ar phainéil adhmaid. Crochfar iad seo ar sean-stór adhmaid atá díreach trasna ón Chlub ar an tslí isteach. Nuair a atógfar an sean-stór i gceann roinnt blianta is féidir na painéil a bhaint anuas go sealadach.

Tá treoir tugtha do Phádraig an tionscnamh seo a dhéanamh trí phlé agus chomhoibriú le grúpaí éagsúla an Oileáin: na hAosóirí, daoine óga, ealaíontóir eile agus aon duine gur spéis leis nó léi é. Dá bhrí seo, tar éis inchur ó bhaill den Pobal beartaíodh an téama a athrú agus anois léirófar Naomh Ciaran, Naomh Phatrún an Oileáin, scríbhnéoirí agus filí an Oileáin agus iascaireacht san oileán.

Táimid mórtasach as na tionscnaimh chomhoibritheacha éagsúla a cuireadh ar siúl san oileán leis na blianta anuas. Ina measc seo tá Gairdín na Mílaoise a bhí spreagtha ag Scoil Náisiúnta an Oileáin. Sa tionscnamh seo atógadh sean-fhalla cloiche i gCuan Inbhir chun gairdín beag agus áit chun suí a thógáil. Maisíodh sé le saothar ealaíne a dhein ealaíontóir agus ceardaithe an oileáin saor in aisce. Tógadh an falla go deonach laistigh de thrí la ón 27 Nollaig go dtí an 30 Nollaig 1999. Bhí tuairim is 30 duine idir 6 agus 70 bliain d’aois páirteach sa tionscnamh. Go dtí an lá atá inniubh ann tá Gairdín na Mílaoise seo faoi chúram na bpáistí scoile.

Tionscnamh comhoibritheach eile atá againn ná an leabhar ‘Bóithrín na Smaointe’ a foilsíodh i 2006. Bailiúchán seanchais é seo a bhailigh Nuala Hayes ó Aosóirí an Oileáin blianta beaga ó shin. Chomh maith leis na cuntais éagsúla atá le fáil ann tá sraith ghrianghrafanna dubh agus bán ann a thóg an grianghrafadóir mór le rá John Minihane. Tá siad seo ar crochadh sa Chlub ó shin i leith. Is é craobh an Oileáin de Chumann na Croise Deirge, craobh atá an-ghníomhach, a d’fhoilsigh an saothar seo le cabhair ó Age & Opportunity, Cork 2005, Comhar Creidmheasa an Sciobairín, Údarás na Gaeltachta, West Cork Arts Centre, An Clár Forbartha Náisiúnta agus Comharchumann Dhraighní. Tá an leabhar ar fáil go háitiúil ar €20 nó is féidir teagmháil a dhéanamh linn tríd an lch. idirlín seo [www.oilean-chleire.ie].

Tá socrú déanta le Pádraig go leanfaidh sé lena chuid iarrachtaí chun gnéithe eile d’ealaín, de cheardaíocht agus de chultúr an Oileáin a neartú agus é ag cur snasa ar a chuid Gaeilge agus a chumas ceoil. Sa mhéid seo tá go leor bainte amach aige go dtí seo.

Sa bhfómhar2006 thosnaigh Pádraig ar fheisteas traidisiúnta as tuí do Lá an Dreoilín a dhéanamh arís den chéad uair le blianta fada. Bhí an traidisiún seo dulta in éag san Oileán i bhfad roimhe sin. I 2006 bhí An Dreoilín ar ais san Oileán ar Lá Coille agus fearadh fáilte chroíúil roimh an bhuíon ann. I 2007 bhí an Dreoilín ar ais arís le feisteas níos fearr fós agus níos mó ceoltóirí agus amhránaithe.

Sna seachtainí roimh Nollaig 2007 sholáthair Pádraig ceardlanna éagsúla agus tá tuilleadh acu beartaithe. Buíochas le Pádraig freisin tá ceoltóirí agus amhránaithe an Oileáin agus iad siúd atá ag foghlaim ag teacht le chéile go rialta agus tá méadú ag teacht ar an stór port agus amhrán dá réir.

Taispeánaimid roinnt de na dréacht-léaráidí atá ullmhaithe ag Pádraig don tionscnamh seo. Tá go leor taighde déanta aige chuige seo, cuairteanna ar múr-mhaisithe eile sa tír, go háirithe sa Tuaisceart, san áireamh.

Sa chuid seo den lch. idirlín tá sé i gceist againn sibh a choinneáil ar an eolas ar an tionscnamh seo chomh maith agus is féidir, de réir mar a théann sé chun chinn. Cuirimid fáilte roimh mholtaí agus rannpháirtíocht. Tuigimidne, go bhfuil d’ádh orthu maireachtáil san Oileán álainn seo, go bhfuil pobal níos leithne amuigh ansin go bhfuil Cléire ina gcroithe acu agus deirimid libh, céad fáilte isteach! Is féidir teagmháil linn ag info@clubcleire.com.

Anseo léirítear an sceitse de Naomh Ciarán déanta sa stíl Cheilteach. Saolaíodh Naomh Ciarán san Oileán i 352 agus ceiliúrtar a Lá Féile gach 5ú Márta. Ta tobar beannaithe agus Gallán Chiaráín le fáil i dTrá Chiaráin, príomh phort an Oileáin. .
Tháinig Naomh Ciaran roimh Naomh Pádraig agus deirteach gur san Oileán a ceiliuradh an chéad Aifreann in Éireann.

Is mian linn buíochas ar leith a ghabhail le hEalaín na Gaeltachta Teo as an maoiniú a a thug siad i leith an tionscnaimh seo agus táimid ag obair go dian chun tionscnamh fiúntach a sholáthar.