Diarmuid Breen
Pictiuiri de Oileán Chléire
Ar fáil o dheireadh Meitheamh sa Siopa Ceird/Club


Ealaíontóir féin-oilte ó Cho. Chorcaí is ea Diarmuid Breen. Saolaíodh é i 1972 i gCathair Chorcaí agus d’fhill sé ar a fhód dúchais le déanaí tar éis 18 bliain thar saile. Oibríonn sé in íle, acrylic, peann & dúch. Saothraíonn sé an uile short pictiúir, tírdhreach, portráidí, ealaín réalaíoch agus teibí.

“ Péintálaím de réir pé fonn atá orm ag an am. An coimisiún deireanach a bhí agam ná sraith pictiúr acrylic mór le haghaidh forbairt oifige, suas go dtí 9tr faoi 6tr. Nuair a chríochnaigh mé iad sin bhíos ullamhaithe níos fearr chun filleadh ar thírdhreacha beaga.

Tá sé beartaithe ag Diarmuid sraith de phictiúir a dhéanamh ós na hOileáin mórthimpeall na hÉireann. “ Áit speisialta is ea Oileán Chléire. Is é an chuimhne is faide siar agam ná an tOileán seo, na laethanta saoire a chaitheas ann le mo mhuintir. Deir daoine gur cheart duit na rudaí is mo is dual duit a phéinteáil, is dá bhrí sin shocraigh mé ar an tsraith ar Oileán Chléire. Is é Oileán Chéire a thug grá dom dos na hOileáin”.